Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Tairgeann Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann cúrsa traenála do Chúntóirí Riachtanas Speisialta. An Rannóg Oiliúna Múinteoirí sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta a dhéanann maoiniú ar an gcúrsa. Ar bhonn páirtaimseartha a eagraítear é; freastalaíonn na rannpháirtithe ar feadh seachtaine i ndeireadh Lúnasa, agus ar shraith seimineár deireadh seachtaine a eagraítear i gcaitheamh na scoilbhliana.
Torthaí Foghlama
Agus an Cúrsa Teastais do Chúntóirí i Riachtanais Speisialta Oideachais bainte amach acu, beidh na rannpháirtithe:
- Beidh eolas breise ag na rannpháirtithe ar an ról atá ag an gCúntóir Riachtanas Speisialta, maidir leis an leanbh, leis an múinteoir agus leis an scoil uile
- Beidh scileanna foghlamtha ag na rannpháirtithe a bhaineann le cumarsáid, comhoibriú agus obair buíne
- Beidh tuiscint faighte ag na rannpháirtithe ar chatagóirí éagsúla riachtanas oideachasúil speisialta, agus ar ról tacaíochta an Chúntóra Riachtanas Speisialta maidir leis na riachtanais sin
- Beidh tuiscint bhreise ag na rannpháirtithe ar ról an Chúntóra Riachtanas Speisialta ó thaobh tacaíocht a thabhairt don leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aige, agus é a chumasú leis an gcuraclam a chur chun fónaimh dó/di féin
- Beidh na rannpháairtithe tar éis cur lena bhforbairt phearsanta agus ghairme féin
Ábhar an Chúrsa
- Rol an Chúntóra Riachtanas Speisialta
- Tuiscint agus Tacaíocht don Dalta a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais aige
- An dalta a chumasú chun an Curaclam a chur chun fónaimh dó/di féin - Ról an Chúntóra Riachtanas Speisialta
- Scileanna Staidéir
Riachtanais an Chúrsa
Chun an cúrsa a chur i gcrích go sásúil caithfidh na rannpháirtithe na riachtanais seo a leanas a shásamh:
- Lánfhreastal ar na léachtaí, na seimineáir agus na ceardlanna uile
- Tascanna a chur i gcrích de réir caighdeáin shásúil
Incháilitheacht
Tá an cúrsa oscailte faoi láthair do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá ag obair go lánaimseartha i mbunscoileanna, in iarbhunscoileanna agus i scoileanna speisialta agus a bhfuil cúrsa ionduchtaithe ceithre huaire fichead déanta acu a bhíonn á thairiscint ag Ionaid Oideachais ar fud na tíre.
Cáilíocht
Damhann Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann an teastas ar rannpháirtithe a n-éiríonn leo an clár oiliúna a chur i gcrích. An measúnú a dhéantar ar na rannpháirtithe, bunaítear é ar lánfhreastal agus rannpháirtíocht maidir le léachtaí, seimineáir agus ceardlanna, agus ar obair scríofa a bheith curtha i gcrích.
Táillí
Níl aon táillí cúrsa ná clárúcháin ann don chúrsa seo.