Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolas ar ár gcúrsaí

Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach,
Baile Átha Cliath 6,
Éire.


Teil: + 353 (0)1 497 0033
Facs: + 353 (0)1 497 1932
Ríomhphost: info@cice.ie


cliceáil le haigh sonraí

An Dioplóma Iarchéime


Aidhm

Is é an aidhm atá leis an gcúrsa, traenáil shubstaintiúil, idir theoiriciúil agus phraiticiúil, a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ag obair le daltaí a mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu agus do mhúinteoirí atá ag obair le daltaí a mbíonn tacaíocht foghlama de dhíth orthu. Tá An Roinn Oideachais agus Eolaíochta tar éis ábhar an chúrsa a aontú, mar aon leis an gcur chuige atá in úsáid.

Torthaí Foghlama

Agus an Dioplóma Iarchéime i dTacaíocht Foghlama agus Riachtanais Speisialta Oideachais bainte amach ag na rannpháirtithe:

  • Beidh siad tar éis cur lena gcuid eolais agus lena gcuid tuisceana ar an dtacaíocht foghlama agus ar riachtanais speisialta oideachais
  • Beidh léirithe acu go bhfuil cur amach acu ar an litríocht reatha agus ar fhorbairtí reatha sa réimse sin
  • Beidh tuiscint feasacht bhreise acu ar na riachtanais tacaíochta foghlama agus ar na riachtanais speisialta oideachais a bhíonn ag daltaí, agus ar na socruithe is gá a dhéanamh chun freastal fiúntach a dhéanamh ar dhaltaí a mbíonn riachtanais dá leithéid acu
  • Beidh níos mó muiníne acu as a gcumas gníomhú i ról múinteora tacaíochta ina gcuid scoileanna, agus as a gcumas comhoibriú le comhghleacaithe agus le proifisiúnaigh éagsúla
  • Beidh siad tar éis a léiriú go n-aithníonn siad go gcaithfidh siad a bheith ina n abhcóidí sa scoil ar son daltaí a bhfuil riachtanais tacaíochta foghlama nó riachtanais speisialta oideachais acu
  • Beidh inniúlacht léirithe acu
    • maidir le measúnú agus próifíliú a dhéanamh ar dhaltaí a bhfuil riachtanais tacaíochta foghlama agus riachtanais speisialta oideachais acu
    • maidir le pleananna foghlama a fhorbairt d’indibhidí agus do ghrúpaí
    • maidir le feidhmiú pleananna sa seomra ranga
    • maidir le curaclaim uileghabhálacha a fhorbairt agus a fheidhmiú in éineacht le cláir oideachais indibhidiúla
  • Beidh tuiscint níos fearr faighte acu ar ionad na teicneolaíochta cúnta méadaithí in oiliúint daltaí a mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu
  • Beidh cumas forbartha iontu chun luachail chriticiúil a dhéanamh ar a gcuid oibre trí bhíthin taithí machnaimh

Ábhar an Chúrsa

  • Síceolaíocht na Forbartha
  • Oideachas Luath-Óige (do Mhúinteoirí Bunscoile)
  • Daltaí a mbíonn Riachtanais Oideachais Speisialta/RiachtanaisTacaíochta Foghlama acu: Le cur san áireamh maidir leis an bhFoghlaim agus an Múinteoireacht
  • Measúnú Foirmiúil agus Neamhfhoirmiúil
  • Próifíolú agus Pleanáil Cláir
  • Pleananna Oideachais Indibhidiúla
  • Ag múineadh Daltaí a mbíonn Deacrachtaí acu sna Réimsí seo a leanas:
    • Teanga agus cumarsáid
    • Litearthacht
    • Uimhearthacht & scileanna matamaiticiúla
    • Comhordú Luaileach
    • Forbairt phearsanta agus shóisialta
  • An Curaclam:
    • Bunscoile
    • An Ciogal Iarbhunscoile Sóisearach
    • An Ciogal Iarbhunscoile Sinsearach
  • Ábhar agus Acmhainní
  • Teicneolaíocht Chúnta agus Mhéadaitheach/TFC a Úsáid
  • Scoileanna Uileghabhálacha a Chruthú
  • Riarachán agus Coinneáil na dTaifead
  • Forbairt Phroifisiúnta:
    • An Dearcadh ar an Míchumas
    • Ag obair i gcomhpháirtíocht
    • Forbairt phroifisiúnta leanúnach
    • Éisteacht éifeachtach agus cumarsáid
    • Saincheisteanna Comhaimseartha

Riachtanais an Chúrsa

Chun an cúrsa a chur i gcrích go sásúil caithfidh na rannpháirtithe na riachtanais seo a leanas a shásamh:

  • Freastal iomlán a dhéanamh ar na léachtaí agus ar na ceardlanna uile, an tseachtain socrúcháin agus léitheoireachta san áireamh
  • Líon áirithe tascanna a chur i gcrích de réir caighdeáin shásúil
  • Tabharfaidh teagascóir ceithre chuairt ar a laghad ar gach rannpháirtí sa chúrsa i gcaitheamh na bliana. Beifear ag súil ar na cuairteanna sin go léireoidh na rannpháirtithe go bhfuil siad in ann leas praiticiúil a bhain as an teoiric agus as an gcleachtas a clúdaíodh sna léachtaí agus sna seimineáir, maidir le measúnú agus próifíliú go háirithe, agus maidir le pleananna foghlama a fhorbairt agus a fheidhmiú.

Fad agus Eagrúchán

Maireann an cúrsa an bhliain acadúil; i gcaitheamh an ama sin ní mór freastal ar ionad an chúrsa, socrúcháin a dhéanamh i dtimpeallachtaí oiriúnacha oideachasúla nó cliniceacha, obair scríofa a chur i gcrích agus a bheith ag múineadh i scoileanna na rannpháirtithe féin. Cuirtear am i leataobh don staidéar pearsanta freisin.

Ar bhonn blocscaoilte a eagraítear an cúrsa. Téann na múinteoirí go dtí léachtaí agus seimineáir in ionad an chúrsa ar feadh trí seachtaine déag. Cuirtear seachtain amháin den tréimhse blocscaoilte i leataobh don léitheoireacht agus don staidéar. Cuirtear na múinteoirí i socrúchán oideachasúil nó cliniceach ar feadh seachtaine.

Iarratais

Moltar d’údaráis scoileanna/ do Choistí Gairmoideachais gan níos mó ná múinteoir amháin as scoil a ainmniú a shásaíonn na riachtanais. Glactar le timpeall seasca múinteoir ar an gcúrsa. Faoi údaráis an Choláiste atá sé rannpháirtithe an chúrsa a roghnú, agus déantar é de réir na gcritéar a bhfuil cur síos orthu i leabhrán faoin gclár (le fáil ón gColáiste ach é a iarraidh).

Incháilitheacht

Daoine atá incheaptha ina múinteoirí bunscoile nó iarbhunscoile atá i dteideal an cúrsa a dhéanamh faoi láthair. A mBord Bainistíochta a chaithfidh iad a ainmniú chun freastal ar an gcúrsa, agus is den riachtanas é go mbeadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tar éis post tacaíochta foghlama nó acmhainne (nó uaireanta acmhainne) a leithdháileadh ar a scoil.

Caithfear gealltanas a thabhairt, maidir le múinteoirí a roghnaítear don chúrsa, go gcaithfidh siad dhá uair an chloig déag sa tseachtain ar a laghad ag obair le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nó a fhaigheann tacaíocht foghlama faoi láthair.

Cáilíocht

Déanann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, creidiúnú ar an Dioplóma Iarchéime i dTacaíocht Foghlama & Riachtanais Speisialta Oideachais agus dámhtar é ar rannpháirtithe a n-éirionn leo an clár a chríochnú. An measúnú a dhéantar ar na rannpháirtithe, bunaítear é ar lánfhreastal agus rannpháirtíocht maidir le léachtaí, ceardlanna agus socrúcháin, ar obair scríofa a bheith curtha i gcrích agus ar mhaoirseacht ar a gcuid oibre mar mhúinteoirí tacaíochta foghlama nó acmhainne sna scoileanna. Chun an cháilíocht a bhaint amach caithfidh na rannpháirtithe an cúrsa a chríochnú faoi cheann trí bliana den dáta tosaigh.

Staidéar Breise

Tá céimithe an chúrsa seo i dteideal cur isteach ar chúrsaí breise staidéir a dhéanamh ar leibhéil Mháistir i gcoláistí/ollscoileanna éagsúla. Tá naisc ach go háirithe ag an Dioplóma Iarchéime i dTacaíocht Foghlama & Riachtanais Speisialta Oideachais le:

  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: an chéim Máistir Staidéar
  • Coláiste Phádraig Droim Conrach: an chéim Máistir i Riachtanais Speisialta Oideachais
  • An Ollscoil Oscailte: an chéim Máistir in Oideachas

Táillí agus Speansais

Níl aon táillí cúrsa ná clárúcháin ann don chúrsa seo.