Gníomhaíochtaí Scíthe
Cúrsaí Spóirt
Ar na saoráidí spóirt ar an gcampas i Ráth Maonais tá hacaí, leadóg agus leadóg bhoird. Rud eile, féadfaidh na mic léinn a bheith ina mbaill de chlub spóirt ar bith i gColáiste na Tríonóide, áit a bhfuil suas le caoga spórt éagsúil.
Na Cumainn
Ar na Cumainn sa choláiste tá Coiste na Gaeilge agus an tAontas Críostaí/Christian Union. Agus tá breis agus ochtó cumann do mhic léinn i gColáiste na Tríonóide.