Músaem
Osclaíodh Músaem Pluincéad an Oideachais in Éirinn sa bhliain 1992 i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann. Tá sé suite is seanchlós stáblaí i bhfoirgneamh cloiche dhá stór, a nuachóiríodh mar chuid de thionscadal Fás. Is éard atá ann, samhail de Sheomra Ranga ón mbliain 1900, agus ionad taispeántais thuas staighre. Tá lear mór déantán sa mhúsaem ó sheomraí ranga den naoú haois déag agus den fhichiú haois, déantáin a dheonaigh scoileanna nó a bailíodh i scoileanna. Reachtáiltear é i gcomhar leis an mbailiúchán aircíve sa choláiste faoi obair Chumann Phlás Chill Dara (an Cumann d’Oideachas na mBocht in Éirinn) a bunaíodh sa bhliain 1811. San aircív sin tá bailiúchán mór de théacsleabhair luatha, ábhair sheomra ranga agus áiseanna teagaisc, agus roinnt díobh ar bhuantaispeáint sa mhúsaem. Is é an t-aon mhúsaem speisialaithe é i bPoblacht na hÉireann ar stair an oideachais.
Tugann grúpaí ó scoileanna, agus grúpaí eile, cuairt ar an músaem; ní mór coinne a shocrú roimh ré. Tugann cuairt ar an músaem an deis léargas a fháil ar cheacht á mhúineadh i seomra ranga modhscoile de chuid an naoú haois déag. Bíonn feisteas ón ré sin á chaitheamh ag an múinteoir agus ag na daltaí; agus múineann an múinteoir léitheoireacht, peannaireacht agus uimhríocht le sclátaí agus bíonn ceannlínte le cóipeáil i gcóipleabhair.. D’fhoilsigh Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann foilseachán do scoileanna sa bhliain 2005 dar teideal Slates Up! Schools and Schooling in the Nineteenth Century’, a foilsíodh le tacaíocht airgid on gComhairle Oidhreachta. Fuair an leabhar ardmholadh ó mhúinteoirí agus is maith leis na scoileanna é ó tharla gur féidir leas a bhaint as do churaclam staire na bunscoile. Tá sé le fáil ón gColáiste (féach leathanach na bhFoilseachán CICE do na sonraí).