Leabharlann
Tairgeann Leabharlann an Choláiste raon leathan acmhainní foghlama do mhic léinn agus don fhoireann, mar aon le seirbhís chuimsitheach faisnéise.
Leabharlannaí: Valerie Coghlan
Foireann na Leabharlainne: Hilary Fitzpatrick, Marion Knox, Stephanie Lloyd
Sonraí teagmhála:
Baitsiléir in Oideachas
Ar na hacmhainní atá ar fáil, tá:
- Leabhair
- Tréimhseacháin
- Ábhair neamhchlóite e.g. póstaeir, dvdanna, CDanna, pacaí agus déantáin oideachasúla
Timpeall 30,000 earra atá sa bhailiúchán lárnach. Baineann siad le gnéithe acadúla agus praiticiúla an B. Ed. agus tá rannóg an-chuimistheach ann ar an gCleachtadh Múinteoireachta. Is féidir an chuid is mó de stoc na leabharlainne a fháil ar iasacht.
Tá ballraíocht sa leabharlann ag na baill foirne uile, agus ag na mic léinn atá cláraithe in CICE, go huathoibríoch. Iar-mhic léinn agus daoine a d’fhreastail cúrsaí a bhí á reachtáil ag an gcoláiste, féadfaidh siad acmhainní na leabharlainne a cheadú ach iarratas a chur go dtí an Leabharlannaí.
Bíonn foireann na leabharlainne ar fáil chun cuidiú le ceisteanna. Bíonn ionadaíocht ar Choiste na Leabharlainne ag mic léinn as gach bliainghrúpa den B. Ed.
Tráthanna Oscailte na Leabharlainne
Bíonn an leabharlann ar oscailt i gcaitheamh an téarma ag na huaireanta seo a leanas:
| Dé Luain |
10am - 1pm |
6pm - 8.30pm |
| Dé Máirt |
10am - 1pm |
3pm – 8.30p.m. |
| Dé Céadaoin |
10am - 1pm |
3pm – 8.30pm |
| Déardaoin |
10am - 1pm |
3pm – 8.30pm |
| Dé hAoine |
10am - 4pm |
|
Bíonn uaireanta oscailte difriúla i bhfeidhm nuair a bhíonn an Cleachtadh Múinteoireachta ar siúl, agus le linn tréimhsí saoire.
Tá na mic léinn B. Ed in CICE i dteideal na leabharlanna i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a úsáid freisin
Tacaíocht Foghlama agus Riachtanais Speisialta Oideachais
Ar na hacmhainní atá ar fáil, tá:
- Leabharlann tagartha
- Ábhair don seomra ranga
- Ábhair mheasúnaithe
Tugann an bailiúchán LS/SEN na deiseanna seo a leanas do rannpháirtithe sa Dioplóma Iarchéime i dTacaíocht Foghlama & Riachtanais Speisialta Oideachais:
- iad féin a chur ar an eolas maidir le gach gné den tacaíocht foghlama agus de riachtanais speisialta oideachais atá ábharthach dá gcás teagaisc nó foghlama láithreach, agus dá bhforbairt phroifisiúnta leanúnach
- tacaíocht chun tascanna scríofa riachtanacha a chur i gcrích
- cleachtadh in úsáid ábhar seomra ranga
- cleachtadh riarthóireachta le tástálacha caighdeánaithe
Tá líon suntasach teideal (tréimhseacháin ina measc) sa bhailiúchán Tagartha a chlúdaíonn gach gné den Tacaíocht Foghlama agus de Riachtanais Speisialta Oideachais (LS/SEN). Bíonn a bhformhór le fáil ar iasacht ag mic léinn atá ag gabháil don chúrsa i dTacaíocht Foghlama/Riachtanais Speisialta Oideachais.
Bunaíodh an bailiúchán d’Ábhair Sheomra Ranga chun cóipeanna a chur ar fáil d’ábhair sheomra ranga atá ábharthach don Tacaíocht Foghlama/ do Riachtanais Speisialta Oideachais. San áireamh ansin tá roinnt teideal bogearraí TFC; baineann an cuid is mó díobh leis an litearthacht, leis an uimhearthacht agus leis an teicneolaíocht chúnta.
Sa bhailiúchán d’Ábhair Mheasúnaithe tá ábhair mheasúnaithe a úsáidtear go coitianta sa chomhthéacs oideachasúil. Rinneadh é a fhorbairt ionas gurbh fhearr a chlúdófaí an raon cuimsitheach ábhar measúnaithe atá ar fáil le haghaidh Tacaíocht Foghlama/Riachtanais Speisialta Oideachais, ábhair TFC-bhunaithe ina measc.
Bíonn uaireanta oscailte éagsúla ann do na bailiúcháin le haghaidh Tacaíocht Foghlama/ Riachtanais Speisialta Oideachais. Déan teagmháil leis an leabharlann do na sonraí.