An Lárionad Léitheoireachta @ CICE
Bunaíodh an Lárionad Léitheoireachta @ CICE sa bhliain 2002 ar mhaithe le staidéar a dhéanamh ar gach gné den léitheoireacht, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, agus an léitheoireacht a chur chun cinn. San áireamh ansin tá forbairt na scileanna léitheoireachta ar gach leibhéal, agus cothú spéise i leabhair agus i litríocht na bpáistí.
Tá an-aitheantas náisiúnta faighte ag Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann in imeacht na mblianta as a dtacaíocht do leabhair agus don léitheoireacht, i gcomhthéacs daoine óga go háirithe.
Cothaíonn an coláiste cúrsaí staidéir agus múinteoireachta ar litríocht na bpáistí san iliomad slite, sa choláiste féin agus trína bheith i dteagmháil le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí eile in Éirinn agus thar lear.
Déanann CICE cúram d’fhorbairt na scileanna léitheoireachta, agus féachann sé le deacrachtaí léitheoireachta a chur ina gceart. Tá cúrsaí a bhfuil aitheantas náisiúnta acu ar siúl sa choláiste dóibh siúd a mhúineann daltaí a mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu agus tacaíocht foghlama de dhíth orthu; dlúthchuid de na cúrsaí sin is ea deacrachtaí léitheoireachta a fheabhsú.
Aithnítear foireann CICE in Éirinn agus thar lear as a gcuid saineolais ar an litríocht óige agus ar mhúineadh na léitheoireachta, agus tá neart taithí agus saineolais ar gach gné den léitheoireacht le fáil sa choláiste i gcoitinne. Tá neart ábhair sa réimse sin foilsithe ag baill foirne an choláiste i nGaeilge agus i mBéarla, agus bionn siad rannpháirteach i gcomhdhálacha in Éirinn agus thar lear.
Ar na himeachtaí a eagraítear sa Lárionad Léitheoireachta @ CICE, ó bunaíodh é, tá cainteanna, cúrsaí agus comhdhálacha faoi pháistí agus daoine óga a spreagadh chun taitneamh a bhaint as an léitheoireacht; faoi leabhair do pháistí a scríobh agus a mhaisiú; faoin ábhar léitheoireachta ag páistí agus daoine óga, sa sean-am agus sa lá inniu; agus faoi straitéisí léitheoireachta le húsáid le páistí a mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu agus riachtanais tacaíochta foghlama.
Tairgeann an Lárionad Léitheoireachta sraith cainteanna i láthair na huaire atá dírithe ar leabharlannaithe agus ar mhúinteoirí. Ar na cainteanna sin tá:
- Bailiúchán a thiomsú de Leabhair Ilchultúrtha do Pháistí
- Curaclam na Bunscoile
- An Léitheoir Éiritheach
- Léitheoirí Drogallacha a spreagadh chun dul ag Léamh
- Leabhair Fhaisnéise agus Curaclam na Bunscoile
- Leabhair Phictiúir de gach Aoisghrúpa
- Leabhair Ghaeilge do pháistí bunscoile
- Mar ar féidir le Tuismitheoirí tacú le Litearthacht a gcuid Páistí
Gheofar tuilleadh faisnéise faoi na cainteanna sin agus faoin Lárionad Léitheoireachta ó readingcentre@cice.ie / ón lárionadléitheoireachta@cice.ie