Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolas ar ár gcúrsaí

Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach,
Baile Átha Cliath 6,
Éire.


Teil: + 353 (0)1 497 0033
Facs: + 353 (0)1 497 1932
Ríomhphost: info@cice.ie


cliceáil le haigh sonraí

Foilseacháin CICE

Is é CICE Publications an t-inphrionta foilsitheoireachta atá ag Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann.

Foilseacháin

Slates Up! Schools and Schooling in the Nineteenth Century (2005)
ISBN: 9780950928944
Tiomsaitheoir: Karen Willoughby
Eagarthóirí Comhairleacha: Valerie Coghlan, Geraldine O’Connor, Susan Parkes

Tugann Slates Up! léargas ar shaol na bpáistí ar scoil sa naoú haois déag. Tugann sé treoir ghonta spreagthach ar laethanta tosaigh na scolaíochta in Éirinn atá bunaithe ar na taifid ó Chumann Phlás Chill Dara (institiúid charthannach cheannródaíoch a raibh baint aici le cúrsaí oideachais in Éirinn).

Ar an ábhar atá ann, tá:

  • Léargas ar theach scoile tipiciúil de chuid an naoú haois déag
  • An t-ábhar foghlama agus modhanna foghlama na bpáistí
  • Féiriní agus pionósú
  • Moltaí chun lá scoile tipiciúil sa naoú haois déag a athachtú
  • Treoracha do na múinteoirí agus bileoga oibre na ndaltaí

Praghas €20.00 (Seiceanna iníoctha le: Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann)

Le fáil ó:

Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach,
Baile Átha Cliath 6.

This well-produced book enables pupils of today to act as real investigative historians as they explore the everyday educational experience of pupils at the beginning of the 19th century. … This is how history should be experienced, as exciting discovery of a past which has something to say to our present
John Fahy. Léirmheas in Inis Uimh. 15, Earrach 2006

Irish Children’s Writers’ and Illustrators 1986-2006. A Selection of Essays
ISBN: 9780950928951
In eagar ag: Valerie Coghlan agus Siobhán Parkinson (2007)
Arna fhoilsiú i gcomhar le Children’s Books Ireland

Bailiúchán uathúil aistí ag saineolaithe sa réimse, faoi na scríbhneoirí agus na maisitheoirí comhaimseartha i gcás leabhair do pháistí in Éirinn i dtús an aonú haois is fiche. Déanann an leabhar tráchtaireacht údarásach inléite ar dheichniúr údar agus ar thriúr mhaisitheoirí a tháirgeann saothar den scoth maidir le litríocht chomhaimseartha do pháistí. Agus léiríonn sé go bhfuil spéis bhreise agus dinimiceas nua ag baint leis an staidéar criticiúil ar an réimse sin.

Acmhainn luachmhar atá sa leabhar dóibh siúd a dhéanann staidéar ar an litríocht do pháistí. Agus beidh sé úsáideach do mhúinteoirí ar gach leibhéal, do leabharlannaithe, do thuismitheoirí agus do léitheoirí a bhfuil spéis ghinearálta acu i leabhair pháistí nó i litríocht na hÉireann.

Ar na scríbhneoirí agus na maisitheoirí san imleabhar seo tá: Eoin Colfer, Marie-Louise Fitzpatrick, Maeve Friel, P.J. Lynch, Sam McBratney, Elizabeth O’Hara, Mark O’Sullivan, Siobhán Parkinson, Niamh Sharkey, Matthew Sweeney, Kate Thompson, Martin Waddell, Gerard Whelan.

Praghas €15.00 + €2.85 p&pSeiceanna iníoctha le CBI

Le fáil ó:

Children’s Books Ireland
17 Sráid Sheoirse Thuaidh
Baile Átha Cliath 1.

This is a world-class list which encompasses several genres and shows the dynamism of contemporary Irish children’s books. The list of contributors in equally impressive, including many scholars who are well established internationally
Kimberley Reynolds, Professor of Children’s Literature, University of Newcastle, UK

Ar na Foilseacháin eile le CICE tá:

Susan M. Parkes, Kildare Place, (1984) The History of the Church of Ireland Training College 1811-1969 (As cló).

Áine Hyland & Kenneth Milne, (Eds) (1987) Irish Educational Documents. Imleabhar 1. A selection of extracts from documents relating to the history of Irish education from the earliest times to 1922 (As cló).

Áine Hyland & Kenneth Milne, (Eds) (1992) Irish Educational Documents. Imleabhar 2. A selection of extracts from documents relating to the history of education from 1922 to 1991 in the Irish Free State and Republic of Ireland

Áine Hyland, Kenneth Milne, Gordon Byrne & John Dallat, (Eds) (1995) Irish Educational Documents. Imleabhar 3. A selection of extracts from documents relating to the history of education from 1922 to 1992 in Northern Ireland

Le fáil ó Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann.