Aircíví in CICE
In aircíví an choláiste atá na taifid agus na foilseacháin a bhaineann le Cumann Phlás Chill Dara. Grúpa fear daonchairdiúil i mBaile Átha Cliath a bhunaigh Cumann Phlás Chill Dara sa bhliain 1811. Ina measc bhí Samuel Bewley, ó theaglach ceannaithe agus ball de Chumann na gCairde, agus J. D. La Touche, ó theaglach baincéireachta Úgónach. Cumann Oideachas na mBocht in Éirinn an t-ainm iomlán a bhí air, ach bhain an gnáthainm a bhí air leis an áit a raibh a chuid oifigí agus a chuid scoileanna suite, i bPlás Chill Dara. Cumann neamh-shainchreidmheach a bhí ann, ach bhí sé ina chuid rialacha go léifí an Bíobla sna scoileanna ‘gan nod gan trácht’.
Ba é ab aidhm don Chumann cuidiú le soláthar bunoideachais sa litearthacht agus san uimhearthacht ar fud na hÉireann. Bhunaigh sé modhscoileanna, agus institiúid oiliúna múinteoirí i bPlás Chill Dara do mhúinteoirí fir agus mná araon. Chuir sé deontais ar fáil freisin chun scoileanna a thógáil, agus chun íoc as múinteoirí agus as riachtanais scoile (sclátaí, pinn, léarscáileanna agus téacsleabhair). Bunaíodh córas cigireachta chun cuairteanna a thabhairt ar na scoileanna agus monatóireacht a dhéanamh orthu.
Bhí deontas rialtais ag Cumann Phlás Chill Dara ón mbliain 1815 go dtí gur bunaíodh córas na Scoileanna Náisiúnta sa bhliain 1831. Bhí an t-eagrú agus an struchtúr a bhain leis an gCumann ina mhúnla do chóras na Scoileanna Náisiúnta, a bhunaigh modhscoileanna dá chuid féin, mar aon le hinsititiúid oiliúna, oifig foilseacháin agus córas cigireachta i Sráid Mhaoilbhríde.
Tá doiciméid faoi stair an Choláiste ina dhiaidh sin sna hAircíví in CICE freisin. Agus tá bailiúchán ann de théacsleabhair bhunscoile a bhí in úsáid in Éirinn sa naoú haois déag agus san fhichiú haois.
Go dtí an leabharlannaí a chuirtear iarratais chun an t-ábhar sna haircíví a cheadú - library@cice.ie