DICE - Oideachais Forbartha agus Idirchultúrtha
An tOideachas Forbartha agus Idirchultúrtha a imeascadh in Oiliúint thosaigh na mBunmhúinteoirí
Maidir le DICE
Is é príomhaidhm an tionscadail DICE, go n-áireofaí an t-oideachas forbartha agus idirchultúrtha ina ghné riachtanach d’oiliúint thosaigh na múinteoirí in Éirinn. Oibríonn sé i gcomhar le léachtóirí coláiste agus le hábhar múinteoirí sna cúig choláiste oiliúna múinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Díríonn an tionscadal ar scileanna, ar fhaisnéis agus ar luachanna na ndaoine atá ag plé leis an oideachas; féachann sé leis an dlúthpháirtíocht dhomhanda, le cearta daonna agus leis an bhfeasacht ar an gcomhshaol a chur chun cinn; gníomhaíonn sé ionas gur féidir an leithcheal agus an mhíchothroime a aithint agus dul i ngleic leo, ar bhonn domhanda agus áitiúil. Déanann an tionscadal iarracht dul i ngleic freisin leis na braistintí agus na bunbharúlacha a bhíonn ag lucht an oideachais i gcomhthéacs an tsaoil agus na sochaí ina mairimid. Rud eile, tugann tionscadal DICE faoi thaighde ar theoiric agus ar chleachtas an oideachais fhorbartha agus an oideachais idirchultúrtha. Taighde i gcomhthéacs domhanda é, comhthéacs athruithe gasta agus forbairt mhíchothrom.
Is é Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais an t-óstcholáiste do bhuíon DICE.
Déan teagmháil le DICE
Má tá tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar an Láithreán atá ag Tionscadal DICE
Dr Matthias Fiedler
Comhordaitheoir an Tionscadail +353 (0) 1 497 0033
Astrid Pérez-Piñán
Oifigeach Tionscadail +353 (0) 1 497 0033
Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach,
Baile Átha Cliath 6,
Éire.
Teil: + 353 (0)1 497 0033
Facs: + 353 (0)1 497 1932
Ríomhphost: info@diceproject.org
Faigheann DICE maoiniú ó Irish Aid sa Roinn Gnóthaí Eachtracha
Is le DICE na tuairimí a chuirtear in iúl anseo, agus ná glactar leis ar bhealach ar bith gurb iad tuairim oifigiúil Development Cooperation ireland iad.