Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolas ar ár gcúrsaí

Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann
96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach,
Baile Átha Cliath 6,
Éire.


Teil: + 353 (0)1 497 0033
Facs: + 353 (0)1 497 1932
Ríomhphost: info@cice.ie


cliceáil le haigh sonraí

An Clár B Ed

An Chéim Baitsiléir in Oideachas (i gcomhar le hOllscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide)

Cúrsaí Staidéir in CICE

Ar na gnéithe seo a leanas a dhíríonn na cúrsaí staidéir a mhúintear i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann:

  • Ábhar an churaclaim agus staidéar ar mhodhanna múinte i gcás na seacht réimse curaclaim bhunscoile: Teangacha (Gaeilge agus Béarla), Matamaitic, Oideachas Sóisialta, Comhshaoil agus Eolaíochta (Stair, Tíreolaíocht agus Eolaíocht), Oideachas sna hEalaíona (na hAmharcealaíona, Ceol agus Drámaíocht), Corpoideachas, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte, agus Oideachas Reiligiúnach
  • Gaeilge, Béarla agus Matamaitic
  • Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide sa Mhúinteoireacht agus san Fhoghlaim
  • Cleachtadh múinteoireachta (pleanáil scoile agus don seomra ranga, eagrúchán agus bainistíocht, ag obair leis na tuismitheoirí, measúnú agus forbairt ghairmiúil)
  • Oideachas Uileghabhálach – na catagóirí éagsúla riachtanas oideachais speisialta, agus mar is féidir páistí le riachtanais dá sórt a mhuineadh i ngnáthsheomra ranga
  • Oideachas Luath-Óige
  • An Tionscadal Oideachais Forbartha & Idirchultúrtha (DICE)

Cúrsaí san Ollscoil (Coláiste na Tríonóide)

Díríonn na cúrsaí staidéir i gColáiste na Tríonóide ar ghnéithe teoiriciúla an oideachais, ina measc:

  • Forbairt Leanaí
  • Staidéar Teanga
  • Síceolaíocht an Oideachais
  • Socheolaíocht an Oideachais
  • Fealsúnacht an Oideachais
  • Staidéir Churaclaim
  • Staitistic agus Luacháil
  • Smaointe Oideachasúla
  • An Córas Oideachais in Éirinn

Cleachtadh Múinteoireachta

Áirítear an taithí scoile ina chuid ríthábhachtach de chúrsa na céime B. Ed., agus caitheann na mic léinn timpeall 18 seachtaine i scoil i gcaitheamh trí bliana an chúrsa. Déantar gach iarracht is féidir chun go rachaidh na mic léinn i dtaithí ar na haoisghrúpaí éagsúla a mhúineadh, ar ranganna il-ghráid ina bhfuil níos mó ná grad amháin agus ar ranganna nach bhfuil iontu ach an t-aon ghrád amháin; agus go n-oibreoidh siad i scoileanna uirbeacha agus i scoileanna faoin tuath.

Tugann an cleachtadh múinteoireachta deis an raon leathan scileanna a fhorbairt a theastaíonn chun a bheith inniúil sa seomra ranga. Agus is comhthéacs praiticiúil é don obair sa choláiste. Déanann foireann ón gcoláiste maoirseacht ar na mic léinn agus iad ar shocrúchán taithí múinteoireachta.

Ábhair

Tá na hábhair seo a leanas san áireamh sa chúrsa B. Ed.:

Ábhair Phraiticiúla

  • Cleachtadh Múinteoireachta

Inniúlachtaí

  • Gaeilge
  • Béarla
  • Matamaitic

Curaclam agus Modheolaíocht

  • Modhanna Múinte na Gaeilge
  • Modhanna Múinte an Bhéarla
  • Modhanna Matamaitice
  • Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)
  • Forbairt Phroifisiúnta

Ábhair a chlúdaítear in imeacht Trí Bliana an Chláir B. Ed.

  • Oideachas Luath-Óige
  • Oideachas Uileghabhálach
  • Oideachas Amharcealaíon
  • Oideachas Drámaíochta
  • Oideachas Ceoil
  • Coirpoideachas
  • Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
  • Oideachas Reiligiúnach
  • Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide in Oideachas Múinteoirí Bunscoile
  • Oideachais Forbartha agus Idirchultúrtha (DICE)

Má theastaíonn mionchur síos ar an gcúrsa, is féidir an ceangaltán pdf a íoslódáil:

An Siollabas B. Ed.


Riachtanais Iontrála

Maidir leis na riachtanais iontrála dom chéim Bhaitsiléir in Oideachas, íoslódail an ceangaltán pdf, le do thoil:

B. Ed. Riachtanais Iontrála